Copy
Daltaí na Gaeilge

Samhradh 2018                        (ENGLISH TRANSLATION FOLLOWS)


<<Nickname>>


EsopusSamhradh2018a"

Seachtain na Gaeilge

- Irish Language Week -

26 Lúnasa go dtí

1 Meán Fómhair 2018


Tionólfaidh Daltaí na Gaeilge ár Seachtain Gaeilge idir 26 Lúnasa agus 1 Meán Fómhair in Esopus, Nua–Eabhrac. Beidh ranganna ar gach leibhéal ar fáil againn, mar is gnách. Agus tá an-áthas orainn go mbeidh Eoin Ó Beaglaoich linn i mbliana mar mhúinteoir le haghaidh na daoine atá an-líofa.




EoinOBeaglaoich1" Eoin Ó Beaglaoich

Is ó Iarthar Chiarraí é, Eoin Ó Beaglaoich, agus is cainteoir dúchais Gaeilge é chomh maith. Fuair Eoin a bhuncéim in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (Gaeilge agus Socheolaíocht agus Polaitíocht). Thar éis sin chuaigh sé go dtí Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe — Maigh Eo, agus bhronnadh Dioplóma san Aistriúchán (Béarla - Gaeilge) air. Ansin, mar athrú, dhírigh sé ar an gceol ag Ollscoil Luimnigh agus rinne sé cúrsa iarchéime i gCeol Traidisiúnta na hÉireann — Taibhiú. (Máistir Ealaíne).

Tá Eoin ag múineadh cúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta agus do mhic léinn tríú leibhéal le tamall anuas. Thosaidh sé ag obair leis an eagraíocht Gaelchultúr i mí Mheán Fómhair 2008 agus le dreamanna eile ó shin i leith. Is in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad atá sé ag obair don chuid is mó faoi láthair, ach tá a lán taithí múinteoireachta faighte aige ó na cúrsaí seo in áiteanna éagsúla. Tá ceol traidisiúnta na hÉireann á sheinm ag Eoin ó bhí sé óg (an consairtín agus an bosca ceoil) agus bíonn sé ag seinm ag ceolchoirmeacha, ag féilte agus i dtithe tábhairne go minic. Tá cuid mhaith taistil déanta aige thar lear agus ar fud na hÉireann leis an gceol. Agus bíonn sé ag seinm chomh maith mar bhall den ghrúpa ceoil Béal Tuinne, grúpa ó Iarthar Chiarraí ar chuir an cumadóir aitheanta Sean Davey tús leis roinnt blianta ó shin.

Tá súil againn go mbeidh tú in ann teacht. Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh & Foirm Chláraithe ar fáil tríd an nasc seo.



Picnic2018a"
Picnic na nÓglach
The Daltaí Summer Picnic

Dé Sathairn,
8 Meán Fómhair 2018

Gach samhradh bailíonn baill Dhaltaí na Gaeilge, i dteannta lenár muintir agus ár gcairde, ag ár bPicnic bliantúil ag Monmouth Park Racetrack in Oceanport, Nua–Gheirsí. Is suíomh álainn í, Monmouth Park, ar ndóigh. I mbliana beidh ár bPicnic ar an Satharn, 8 Meán Fómhair. Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon. Bí linn chun tráthnóna cairdis a cheiliúradh. Fáilte roimh cách! Gach eolas tríd an nasc seo.





LEAGAN BÉARLA


EsopusSamhradh2018b
Irish Language Week

- Seachtain na Gaeilge -

Sunday, August 26 to
Saturday, September 1, 2018

Daltaí na Gaeilge will hold our week-long Irish Language Immersion Program, from Sunday evening, August 26th through Saturday noon, September 1st, 2018 in Esopus, New York. All are welcome! We will also offer a naíonra (pre-school) day program if there is sufficient interest. Children's classes can be arranged for young children accompanying parents. And we are delighted to announce that Eoin Ó Beaglaoich will be coming over from Ireland this year to instruct the very fluent students.


EoinOBeaglaoich2" Eoin Ó Beaglaoich

Eoin Ó Beaglaoich is from West Kerry in Ireland; and he is a native Irish speaker as well. Eoin received his undergraduate degree from the National University of Ireland, Galway (Gaeilge agus Socheolaíocht agus Polaitíocht). After that he attended Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe — Maigh Eo, where he earned his Diploma in Translations (Béarla - Gaeilge). And then, just for a change of pace, he turned his attention to music at the University of Limerick where he was awarded a post-graduate degree in Irish Traditional Music Performance. (Master of Arts).

For some time now Eoin has been teaching Irish courses for adults and for third level students. He began working with the organization Gaelchultúr in September of 2008 and with other groups since then. At present he works mostly at the National University of Ireland, Maynooth, but he has also gained much experience by instructing these courses at other locations around the country. Eoin has been playing traditional Irish music since his youth (concertina and melodeon), and he frequently performs at concerts and festivals as well as in pubs. He has done quite a bit of travelling while performing his music, both overseas and in Ireland. And Eoin also plays as a member of the music group Béal Tuinne, a group from West Kerry that was founded a number of years ago by the well-known composer, Sean Davey.

Online registration and payment are available. We hope to see you in Esopus. General Information, Directions and a Registration Form are available here.



Picnic2018b"
The Daltaí Summer Picnic
- Picnic na nÓglach -

Saturday,
September 8, 2018

Every Summer the members of Daltaí na Gaeilge, along with our families and friends, gather for our annual Picnic at Monmouth Park Racetrack in Oceanport, New Jersey. Of course, Monmouth Park is well known as a beautiful and relaxing spot to spend the day at the Jersey Shore. This year we will hold our picnic on Saturday, September 8th. Online registration and payment are available. Join us to celebrate an afternoon of friendship and fellowship. All are welcome! Full details here.


Slán agus beannacht,

Daltaí na Gaeilge



Copyright © 2018 Daltaí na Gaeilge, Inc. All rights reserved.

To leave our email list, please click here to UNSUBSCRIBE.

You may also give us a NEW or ADDITIONAL email address by visiting: http://www.daltai.com/mailinglist/