<<Nickname>>
Deireadh Seachtaine Lán-Ghaeilge
29 - 31 Márta 2019
Tá sé beagnach in am dúinn dul go Long Beach Island chun Deireadh Seachtaine lán-Ghaeilge a cheiliúradh. Mar is eol duit, bíonn an-spraoi againn ar LBI i gcónaí. Agus bainimid an-áthas go deo as an seans a bheith lenár gcairde agus a bheith ag caint 'is ag cloisteáil Gaeilge amháin ar feadh deireadh seachtaine iomlán!
|
Mar is gnách, beidh muid ag an Long Beach Island Foundation of the Arts & Sciences i rith an lae. Is suíomh álainn é, agus beidh muid abálta ár mbricfeasta a ithe ansin ar an dá mhaidin agus lón ar an Satharn chomh maith (béilí éadroma iad sin, i mbliana). Buíochas le sin, beidh muid in ann an Satharn ar fad a chaitheamh in aon áit amháin gan bheith ag rith anonn is anall.
|
Mar is iondúil, beidh ranganna ar dhá leibhéal (Fáinne Óir agus Fáinne Airgid), léachtaí agus ceardlanna ar fáil. Ach an rud is tábhachtaí a bheas ar siúl ná an seans a bheith ag déanamh spóirt ‘is spraoi trí Ghaeilge amháin ó mhaidin go hoíche.
|
|
Le haghaidh na hócáide seo beidh Seomra Fáilte againn ag an Haven Beach Motel, agus beidh dinnéar galánta agus seisiún againn ag an mbialann Arlington oíche Dé Sathairn.
|
|
|
Cuireann An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú ar fáil i gcomhair an chláir seo. Tá súil againn go mbeidh tú rannpháirteach inár gcuid eachtraíochta. An dtiocfaidh tú isteach sa chomhluadar seo?
Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh agus Foirm Chláraithe ar fáil
tríd an nasc seo.
|
|
|
B'aoibhinn linn do chomhluadar!
Scoláireachtaí Samhradh 2019
-Daltaí Summer Scholarships -
Bronnann Daltaí na Gaeilge trí scoláireacht gach Bealtaine. Bunaíodh na critéir ar:
-
Obair a dhéanann duine ar son na teangan,
Obair a dhéanann duine ar son Daltaí na Gaeilge, agus
An iarracht a dhéanann duine chun na Gaeilge a fhoghlaim (Mac Léinn) nó a mhúineadh
(Múinteoir).
I mbliana, beidh dhá dhuais ar fáil ($1,000 an ceann). Chomh maith le sin, gheobhaidh Múinteoir táille saor in aisce ó Oideas Gael.
Seo na Scoláireachtaí 2019:
Mac Léinn (Éirinn)
- $1,000 sa gcaoi go mbeidh Mac léinn in ann freastail ar
chúrsa Ghaeilge sa nGaeltacht.
Múinteoir (Éirinn)
- $1,000 sa gcaoi go mbeidh múinteoir in ann freastail ar chúrsa do mhúinteoirí sa nGaeltacht. - Le tamall fada anuas bíonn deis ag an
múinteoir seo freastail ar an gcúrsa á thairiscint ag Oideas Gael
i nGleann Cholm Cille darbh ainm "Múineadh na Gaeilge". Faigheann an múinteoir lóistín, béilí agus
táille ar an gcúrsa sin saor in aisce chomh maith.
Múinteoir nó Mac Léinn (Esopus, Nua-Eabhrac)
- Faigheann an té seo lóistín, béilí agus táille saor in aisce don tSeachtain Ghaeilge a bhíonn eagraithe ag Daltaí na Gaeilge gach Samhradh in Esopus, Nua-Eabhrac.
Toghcháin Dhaltaí Bealtaine 2019
- Daltaí na Gaeilge Elections -
Beidh toghcháin débhliantúil ag Daltaí na Gaeilge Volunteers faoi Bhealtaine 2019. Tá cúig phost ar fáil, agus maireann gach tréimhse oifige dhá bhliana.
Beidh na hIonadaithe seo ag obair taobh le taobh leis na saorálaithe uilig eile, agus an aidhm a bheas acu ná [1] cláir Dhaltaí a egarú, [2] an t-ualach oibre a laghdú, agus [3] feabhas a chur ar chúrsaí, má's féidir é. Thar éis an toghcháin déanfaidh na hIonadaithe cinneadh eathru fhéin ar an sórt oibre is fearr leo uilig, mar shampla:
-
Cláreagrú
-
Oideachas
-
Tiomsú Airgid
-
Poiblíocht
-
Siopa Dhaltaí
Beidh tú I dteideal vótáil nó seas sa toghchán mar iarrthóir má d'fhreastail tú ar dhá chlár Dhaltaí na Gaeilge (ar an laghad) idir Eanáir 2018 agus Bealtaine 2019, nó má tá tú ar Fheidhmliosta na Saorálaithe.
Phléigh muid oibriú an toghcháin i rith na Deireadh Seachtaine Tomoideachas in Esopus le déanaí. Bhí na sonraí uilig ar fáil ansin, agus tuarascálacha post is Ceadanna Ainmneach san áireamh. Tá an t-eolas céanna le féiceáil anois díreach ar ár suíomh idirlíon trid an
nasc seo. Sé an 15ú lá de Mhárta 2019 an spriocdháta ar
Cheadanna Ainmneach, agus is féidir leat iad a sheoladh chuig Donncha Ó Coinn. Má tá seoladh Dhonncha uait, cuir nóta chuig daltai1@daltai.com.
Beir bua,
Daltaí na Gaeilge
|