Copy
View this email in your browser
08 Samhain 2022

Fáilte go heagrán na Samhna dár nuachtlitir

Bhí ríméad orainn an dream ar éirigh leo ár nDámhachtain Lúfaireachta a bhaint amach i mBabhta 2 a fhógairt i Mí Dheireadh Fómhair. D’éirigh le 683 rannpháirtí, rud a fhágann gur éirigh le 1,313 rannpháirtí ar an iomlán i mbliana.  

Tugann an Dámhachtain Lúfaireachta tacaíocht d’ealaíontóirí aonair agus d’oibrithe ealaíon i bhfoirm deontais suas le €5,000, beag beann ar an gcéim a bhfuil siad inti ina slite beatha. Cuireadh i bhfeidhm mar fhreagra tapa ar an bpaindéim sa bhliain 2020 í agus ó shin bronnadh os cionn €14.6m ar 3,117 ealaíontóir. 

Tríd an dámhachtain seo, táimid ag leanúint ar aghaidh ag cruthú naisc riachtanacha le healaíontóirí nach bhfuil aithne againn orthu fós, agus tugaimid spreagadh d’ealaíontóirí eile iarratas a dhéanamh, ealaíontóirí go mb’fhéidir nach bhfuair maoiniú ón gComhairle Ealaíon go dtí seo. 

Le seachtainí beaga anuas, d’fhreastail mé ar an ócáid is déanaí den Shared Island Dialogue i mBéal Feirste, áit ar díríodh ar ealaíona agus cultúr oileán na hÉireann. Deis iontach a bhí ann deiseanna a lorg le haghaidh comhoibrithe go luath amach anseo.    

Cúpla seachtain an-spreagúil a bhí ann do chultúr na hÉireann ar an stáitse idirnáisiúnta agus ‘Walking with Ghosts’ de chuid Gabriel Byrne atá Landmark Productions a léiriú á thaispeáint ar Broadway agus ‘Translations’ Amharclann na Mainistreach i ndiaidh gradam UK Theatre Awards a bhuachan don athléiriú dráma is fearr.

Tréaslaímid le gach duine!


Maureen Kennelly
Stiúrthóir

Nuacht na míosa seo

Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon Maoiniú atá Os Cionn €3.2m d’Ealaíontóirí Trí Dhámhachtainí Lúfaireachta
 
D’fhógair an Chomhairle Ealaíon na daoine ar éirigh leo i mBabhta 2 dár nDámhachtain Lúfaireachta le haghaidh 2022. Bhí líon iomlán de 683 rannpháirtí ann ar éirigh leo, rud a fhágann go bhfuil 1,313 rannpháirtí ar éirigh leo ina iomláine sa 2 bhabhta i mbliana.

Léigh tuilleadh

Tá an Chomhairle Ealaíon sa tóir ar sheirbhísí comhairliúcháin, taighde agus meastóireachta le haghaidh Féilte
 
Tá an Chomhairle Ealaíon sa tóir ar sheirbhísí Comhairleoireachta, Meastóireachta agus Taighde Féilte a sholáthar chun tacú le seachadadh Bheartas agus Straitéis Feilte na Comhairle Ealaíon 2020-2025.

 

Tá sé de mhian againn faoi láthair iarratais cháilíochta a spreagadh ó iarratasóirí a bhíonn ag plé le bainistíocht féilte agus imeachtaí agus beidh mionchomórtais á reáchtáil againn i gcomhair seirbhísí Comhairleoireachta, Meastóireachta agus Taighde trí Chóras Dinimiciúil Ceannaigh (CDC) na Comhairle Ealaíon a chumasaíonn réimse guthanna níos ilghnéithí agus sinn i mbun oibre tacú leis na healaíona in Éirinn agus iad a fhorbairt sa bhliain 2023.
 
Seoladh an Seirbhís Tacaíochta, an Córas Dinimiciúil Ceannaigh (CDC) ar eTenders. (RFT 215450 - AC/2022/16).
 
Is próiseas dhá chéim é an CDC. Is é an chéim cháilíochta an chéad chéim agus is é a bhíonn ann ná na hiarratasóirí ag cáiliú le bheith mar bhaill de chatagóirí agus d’fhochatagóirí laistigh den CDC: m.sh. Seirbhísí Comhairleoireachta (Catagóir) Féilte (Fochatagóir), trí scileanna agus taithí imleora a léiriú. Beidh ballraíocht bailí le haghaidh saolré an CDC (10 mbliana) agus féadfaidh iarratasóirí nua dul isteach ann ag aon am i gcaitheamh na tréimhse seo. Sa dara céim tabharfar cuireadh d’iarratasóirí cur isteach ar dheiseanna laistigh dá gcatagóirí/bhfochatagóirí nuair a thiocfaidh a leithéid aníos.
 
Féadfaidh iarratasóirí iarratas a dhéanamh ar: seirbhísí meastóireachta iarratas a sholáthar, comhairle maidir le beartais a chur ar fáil nó tionscadail taighde a dhéanamh. D’fheadfadh go mbeadh sé de mhian acu siúd a bhfuil cúlra agus taithí soiléirithe sna réimsí seo a leanas acu cur isteach air seo: cláir agus bainistiú féilte agus imeachtaí, taighde acadúil maidir le féilte agus imeachtaí nó forbairt beartas ealaíon.
 
I dtreoir le Beartas um Chomhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht na Comhairle Ealaíon, fáiltímid roimh iarratais atá ionadaíoch ar ilchineálacht shochaí na hÉireann agus spreagaimid iad.
 
Féadfaidh iarratasóirí níos mó plé a dhéanamh maidir leis an méid thuasluaite trí theagmháil a dhéanamh céaduair le Laura Ivers Laura.Ivers@artscouncil.ie nó Ceann na bhFéilte agus na nImeachtaí karl.wallace@artscouncil.ie.
 
Tá tuilleadh sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon: https://www.artscouncil.ie/Artform_Support_Services_Procurement
Clinic Maoinithe Don Téatar

Beidh clinic* ar an láthair maidir le maoiniú amharclannaíochta ag Ionad Ealaíon Project ar an Aoine 25 Samhain ag 11:30i.n.
 
Déanfaidh Ceann na hAmharclannaíochta, David Parnell, cur i láthair maidir le spriocdhátaí maoinithe atá le teacht, agus tabharfaidh sé breac-chuntas ar na tacaíochtaí atá ar fáil d’ealaíontóirí amharclannaíochta.


Beidh an clinic ina dhá chuid:
Cuid 1 – an maoiniú atá ar fáil (tuairim agus 30 nóiméad agus ceisteanna agus freagraí ina dhiaidh)
Cuid 2 – teimpléad buiséid na hamharclannaíochta a líonadh (tuairim agus 30 nóiméad agus ceisteanna agus freagraí ina dhiaidh)
 
*Beidh taifead á dhéanamh ar an gclinic agus cuirfear ar fáil é ar líne dóibh siúd nach bhfuil de chumas acu freastail air ar an láthair.
 
Chun teacht ar tuilleadh eolais agus le haghaidh áirithintí téigh chuig an nasc seo le do thoil: https://www.eventbrite.ie/e/theatre-funding-information-clinic-the-arts-council-tickets-431577288287
 
Má bhíonn ceist ar bith agat, cuir ríomhphost chuig: theatre@artscouncil.ie  

Éist siar le The Curiosity Series

Éist siar le The Curiosity Series, podchraoladh speisialta arna chur i láthair ag Maeve Higgins agus a coimisiúnaíodh mar chuid de chlár comórtha 70 bliain na Comhairle Ealaíon

Thar sé cinn d’eagráin, labhraíonn sí le healaíontóirí a bhfuil baint acu le ceol, damhsa, filíocht, litríocht, amharc-ealaíona agus amharclannaíocht le breathnú ar an bpáirt lárnach a d’imir an chruthaitheacht ina saol, agus le plé a dhéanamh ar na mórcheisteanna agus na téamaí a nascann a n-ealaín.

Leigh tuilleadh

Deontais agus Dámhachtainí

Scéim na gCamchuairteanna Babhta 2 2023 agus Réamhphleanáil 2024
 
Osclófar an tréimhse le haghaidh iarratais ar Scéim na gCamchuairteanna Babhta 2 2023 agus ar Réamhphleanáil 2024 i ndeireadh Mhí na Nollag roimh an spriocdháta le haghaidh iarratais a bheidh ann san athbhliain.

Beidh sonraí cruinne i nuachtlitir mhí na Nollag.

Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas – Cónaitheachtaí Nua Fógartha 

Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon naoi gcónaitheacht nua a bheidh ar bun in institiúidí Ardoideachais ar fud na tíre le linn na bliana acadúla 2022/23 a fhógairt.


Tacófar le heagraíochtaí ealaíon bliain acadúil a chaitheamh i mbun cónaitheachta in Institiúid Ardoideachais a sholáthraíonn oiliúint tosaigh múinteoirí (oideachas bunscoile, iarbhunscoile nó breisoideachais) agus/nó cáilíocht aitheanta in oideachas agus i gcúram luath-óige.  

Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon naoi gcónaitheacht nua a bheidh ar bun in institiúidí Ardoideachais ar fud na tíre le linn na bliana acadúla 2022/23 a fhógairt. 

Tacófar le heagraíochtaí ealaíon bliain acadúil a chaitheamh i mbun cónaitheachta in Institiúid Ardoideachais a sholáthraíonn oiliúint tosaigh múinteoirí (oideachas bunscoile, iarbhunscoile nó breisoideachais) agus/nó cáilíocht aitheanta in oideachas agus i gcúram luath-óige.   

Tá sé mar aidhm ag an gComhairle Ealaíon tacú le cónaitheachtaí i raon foirmeacha ealaíne éagsúla, le héagsúlacht sna healaíontóirí, sna heagraíochtaí ealaíon agus sna hinstitiúidí oideachais. 

Tá tuilleadh sonraí maidir leis an tionscnamh seo, lena n-áirítear an liosta cónaitheachtaí le haghaidh na bliana acadúla 2022/23 ar fáil anseo.  

Scoileanna Ildánacha
Deiseanna do Chomhlaigh Chruthaitheacha
 
Tá ríméad ar Scoileanna Ildánacha deis iontach a fhógairt le haghaidh ealaíontóirí, cleachtóirí cruthaitheacha agus daoine aonair atá ag obair in eagraíochtaí in earnáil na n-ealaíon agus san earnáil chultúrtha.  

 

Seirbhísí Comhlaigh Chruthaithigh le haghaidh 10 Láthair 
 
Ba mhian leis an gComhairle Ealaíon dul i ngleic le 14 Chomhlach Chruthaitheacha chun tabhairt faoi obair i suas le 32 scoil ar fud 10 gcontae (An Cabhán, Dún na nGall, Ciarraí, Luimneach, An Lú, Maigh Eo, An Mhí, Muineacháin, Tiobraid Árann agus Port Láirge) go ceann bliana ar a mhéad. Is féidir le daoine aonair nó eagraíochtaí a bhfuil fonn orthu duine a ainmniú cur isteach ar an tionscadal. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar: https://www.artscouncil.ie/creative-associate-opportunities/ 
 
Ba cheart foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh i ríomhphost chuig creativeassociates@artscouncil.ie faoi 12:00 (am áitiúil) Déardaoin 10 Samhain, 2022 agus ‘Iarratas: Seirbhísí Comhlaigh Chruthaithigh le haghaidh 10 Láthair.’ i líne ábhair an ríomhphoist.
 
Ní ghlacfar le hiarratais nach bhfuil comhlánaithe go hiomlán ná le hiarratais dhéanacha. 
 
Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta chuig beartas comhdheiseanna agus spreagaimid iarratais ó gach cuid den phobal faoi na deich bhforas uile a leagtar amach inár mBeartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht (chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig:http://www.artscouncil.ie/ga/Maidir/Comhionannas,-Cearta-an-Duine-agus-eagsulacht/ 
na hEalaíona Idirnáisiúnta
Global Connect IETM 2023: Glaoch ar Iarratais

Mar Bhall Comhlach de IETM - Gréasán Idirnáisiúnta na dTaibhealaíon Comhaimseartha tá áthas orainn eagrán na bliana 2023 de Global Connect IETM a fhógairt. Tá sé d’aidhm ag Global Connect IETM tabhairt faoi IETM a neartú le guthanna nua agus riachtanacha agus leanúint le comhobair na mball i dtreo an líonra a dhéanamh níos ionchuimsithí, níos ilghnéithí agus níos inrochtana.


Tá glaoch oscailte Global Connect 2023 oscailte do ghairmithe taibhealaíon ar fud an domhain (léiritheoirí, ealaíontóirí, bainisteoirí, láithreoirí, srl.) a bhfuil ar a laghad 5 bliana taithí ghairmiúil acu sa réimse agus atá tiomanta an fheasacht, ionchuimsitheacht, inrochtaineacht agus nascacht a mhéadú ar fud an domhain – san earnáil i gcoitinne agus laistigh dá bpobail.
 
Beidh an deis ag Nascóirí Domhanda (Global Connectors) a roghnaítear a naisc idirnáisiúnta a fhairsingiú, scileanna agus eolas nua a fhorbairt, a ndearcthaí a roinnt go gníomhach leis an líonra agus léargais agus foghlaim nua a chur faoi bhráid a bpobal. Gheobhaidh siad ballraíocht IETM le haghaidh 5 bliana (ó thús na bliana 2023 chuig deireadh na bliana 2027), agus rochtain shaor acu ar gach cruinniú de chuid IETM. Ar deireadh, gheobhaidh Nascóirí Domhanda IETM a roghnaítear tacaíocht mhaoinithe chun páirt a ghlacadh i gcruinniú iomlánach IETM 2023 in Aarhus, An Danmhairg, mar chuid den choiste iomlánaíoch, i dTionóil Bhliantúla Nascóirí Domhanda IETM. 
 
Tá tuilleadh sonraí ar fáil anseo – is é 17:00 CET ar an 12 Nollaig 2022 an spriocdháta le haghaidh iarratais.  

Culture Moves Europe: scéim soghluaisteachta de chuid an AE d’ealaíontóirí agus do ghairmithe cultúir  

Is iad ealaíontóirí agus gairmithe cultúir a bhíonn ag obair sna hearnálacha seo a leanas atá mar sprioc ag an gcéad ghlaoch chun soghluaisteachta aonair de chuid Culture Moves Europe: ceol, aistriúchán liteartha, ailtireacht, oidhreacht chultúrtha, dearadh agus dearadh faisin, amharcealaíona agus taibhealaíona.



Leis seo maoineofar suas le 7,000 ealaíontóir, cruthaitheoir agus gairmí cultúir le dul thar lear le haghaidh forbairt ghairmiúil nó le haghaidh comhoibrithe idirnáisiúnta, chun a gcuid oibre a tháirgeadh i gcomhar le daoine eile agus í a chur i láthair do luchtanna féachana/éisteachta nua nó chun tabhairt faoi chónaitheachtaí a mhaireann idir mí amháin agus deich mí.

Ofrálann sé deontais shoghluaisteachta d’iarratasóirí, a bhfuil cónaí orthu go dleathach i dtír a bhíonn rannpháirteach sa chlár An Eoraip Chruthaitheach, le haghaidh daoine aonair nó le haghaidh grúpaí chomh mór le cúigear.  

Feidhmeofar glaonna oscailte go míosúil ar bhonn leantach go dtí Bealtaine 2023 agus spriocdhátaí leagtha síos ag deireadh gach mí. 

Tá tuilleadh sonraí ar fáil anseo – is é 31 Bealtaine 2023 an spriocdháta. 

Twitter
Facebook
Instagram
Website
Copyright © 2022 The Arts Council, All rights reserved.


Want to change how you receive these emails?
You can update your preferences or unsubscribe from this list.