Copy
.
Daltaí na Gaeilge

An t-Earrach 2023

<<Nickname>>


202303a
Deireadh Seachtaine
Lán-Ghaeilge

31 Márta - 2 Aibreán 2023

Bhí deis againn filleadh ar Long Beach Island anuraidh, agus bhain muid an-taitneamh go deo as. Agus is cúis mhór áthais dúinn anois a fhógairt go rachaimid ar ais sul i bhfad chun Deireadh Seachtaine lán-Ghaeilge a cheiliúradh! Nach mbíonn an-spraoi againn ar LBI i gcónaí? Agus bainimid sult ar fad as an seans a bheith lenár gcairde agus a bheith ag caint agus ag cloisteáil an Ghaeilge amháin ar feadh deireadh seachtaine iomlán.

202303b


Mar is gnách, beidh muid ag an Long Beach Island Foundation of the Arts & Sciences i rith an lae. Is suíomh álainn é, agus beidh muid abálta ár mbricfeasta a ithe ansin ar an dá mhaidin agus lón ar an Satharn chomh maith (béilí éadroma iad sin uilig). Is dream an-fháilteach iad ag an LBI Foundation; agus tá fonn mór orthu muide a fheiceáil ar an oileán arís.

Mar is iondúil, beidh ranganna ar dhá leibhéal (Fáinne Óir agus Fáinne Airgid), léachtaí agus ceardlanna ar fáil. Ach an rud is tábhachtaí a bheas ar siúl ná an seans a bheith ag déanamh spóirt 'is spraoi trí Ghaeilge amháin ó mhaidin go hoíche.

Le haghaidh na hócáide seo, beidh Seomra Fáilte againn ag an Haven Beach Motel; agus beidh dinnéar galánta agus seisiún againn ag an mbialann Arlington oíche Dé Sathairn.

Cuireann An Coimisiún Fulbright in Éirinn agus An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maoiniú ar fáil i gcomhair an chláir seo. An dtiocfaidh tú isteach sa chomhluadar seo? Tá súil againn go mbeidh tú rannpháirteach inár gcuid eachtraíochta.

Tá Faisnéis Ghinearálta, Eolas an Bhealaigh agus Foirm Chláraithe ar fáil tríd an nasc seo.


B'aoibhinn linn do chuideachta!

202303c





202302cc"

Scoláireachtaí Samhradh

2023
Daltaí
Summer
Scholarships

Bronnann Daltaí na Gaeilge trí scoláireacht gach Bealtaine. Bunaíodh na critéir ar:

    Obair a dhéanann duine ar son na teangan,

    Obair a dhéanann duine ar son Daltaí na Gaeilge, agus

    An iarracht a dhéanann duine chun na Gaeilge a fhoghlaim (Mac Léinn) nó a mhúineadh (Múinteoir).

I mbliana, beidh dhá dhuais ar fáil ($1,000 an ceann). Chomh maith le sin, gheobhaidh Múinteoir táille saor in aisce ó Oideas Gael. Agus beidh scoláireacht eile ann, ar ndóigh, don tSeachtain Gaeilge ag deireadh an tsamhraidh i Stát Nua-Eabhrac.

Seo na Scoláireachtaí 2023:

Mac Léinn (Éirinn)

- $1,000 sa gcaoi go mbeidh Mac léinn in ann freastail ar chúrsa Ghaeilge sa nGaeltacht.

Múinteoir (Éirinn)

- $1,000 sa gcaoi go mbeidh múinteoir in ann freastail ar chúrsa do mhúinteoirí sa nGaeltacht.
- Le tamall fada anuas bíonn deis ag an múinteoir seo freastail ar an gcúrsa á thairiscint ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille darbh ainm "Múineadh na Gaeilge". Faigheann an múinteoir lóistín, béilí agus táille ar an gcúrsa sin saor in aisce chomh maith.

Múinteoir nó Mac Léinn (Esopus, Nua-Eabhrac)

- Faigheann an té seo lóistín, béilí agus táille saor in aisce don tSeachtain Ghaeilge a bhíonn eagraithe ag Daltaí na Gaeilge gach samhradh in Esopus, Nua-Eabhrac.


Le gach dea-ghuí,

Daltaí na Gaeilge


Copyright © 2023 Daltaí na Gaeilge, Inc. All rights reserved.

You may also UPDATE your profile or give us a NEW or ADDITIONAL email address by visiting: http://www.daltai.com/mailinglist/<;/span>







This email was sent to <<Email Address>>
why did I get this?    unsubscribe from this list    update subscription preferences
Daltai na Gaeilge · 1504 NW 3rd Avenue · Fort Lauderdale, FL 33311 · USA